31 Dá bhrí sin de ná bígí go himníoch agus ná habraigí, ‘Cad é a bheas againn le n‑ithe? nó ‘Cá bhfaighimid aon ní le n‑ól?’ nó' ‘Cad é an t‑éadach a chaithfimid?’
32 Bíonn na nithe seo uile ina gcúram ag na Gintlithe; agus is feasach do bhur nAthair neamhaí go bhfuil riachtanas agaibh leo siúd uile.
33 Ach bíodh a ríochtsan agus a fhíréantachtsan mar chúram oraibhse roimh rud ar bith eile, agus beidh na nithe sin uile go léir agaibh lena gcois.
34 “Mar sin ná bíodh aon imní oraibh faoin lá amárach, mar beidh a imní ar an lá amárach faoi féin. Is leor olc an aon lae d'aon lá amháin.”