5 “Agus nuair a bhíonn sibh ag guí, ná bígí mar lucht na cráifeachta bréige; an dream ar fearr leo bheith ina seasamh ag guí sna sionagóga agus i gcoirnéil na sráideanna, ionas go bhfeice na daoine iad. Deirim libh go fíor go mbíonn a luach saothair féin acu.
6 Ach nuair a bhíonn tusa ag dul a ghuí, gabh isteach i do sheomra agus druid an doras ort féin agus guigh chun d'Athar atá faoi cheilt; agus tabharfaidh d'Athair a fheiceann a bhfuil faoi cheilt luach saothair duit.
7 “Agus ag guí daoibh, ná déanaigí deilín mór fada di ar nós na nGintlithe; a shíleas go bhfaighidh siad éisteacht as méid a mbriathar.
8 Ná déanaigí aithris orthu siúd, mar tá a fhios ag bhur nAthair cad é atá uaibh sula mbíonn sibh á iarraidh.
9 Dá bhrí sin de, bígí ag guí mar seo:Ár nAthair atá ar neamh,bíodh d'ainm á naomhú,
10 bíodh do ríocht ag teacht,bíodh do thoil á déanamhar an talamh mar atá ar neamh.
11 Tabhair dúinn inniu ár n‑arán laethúil;