8 Ná déanaigí aithris orthu siúd, mar tá a fhios ag bhur nAthair cad é atá uaibh sula mbíonn sibh á iarraidh.
9 Dá bhrí sin de, bígí ag guí mar seo:Ár nAthair atá ar neamh,bíodh d'ainm á naomhú,
10 bíodh do ríocht ag teacht,bíodh do thoil á déanamhar an talamh mar atá ar neamh.
11 Tabhair dúinn inniu ár n‑arán laethúil;
12 Agus maith dúinn ár bhfiacha,mar atá maite againn dár bhféichiúnaithe;
13 Agus ná lig sinn i gcathúAch saor sinn ó olc.
14 Mar má mhaitheann sibh a gcionta do dhaoine, maithfidh bhur nAthair neamhaí daoibh freisin;