11 Guígí ar son Nabúcadnazar, rí na Bablóine, agus ar son Bhaltasar, a mhac, ionas go mbeidh a laethanta chomh buan leis na flaithis féin atá os cionn na talún.
12 Mar sin, tabharfaidh an Tiarna neart dúinn agus soilseoidh sé ár súile agus mairfimid faoi scáth Nabúcadnazar, rí na Bablóine, agus faoi scáth Bhaltasar, a mhac, agus déanfaimid seirbhís dóibh ar feadh mórán laethanta agus doirtfidh siad a ngnaoi orainn.
13 Guígí ar ár son-na freisin chun an Tiarna, ár nDia, mar pheacaíomar in aghaidh an Tiarna, ár nDia, agus go dtí an lá seo féin níor iompaíodh fraoch ná fearg an Tiarna uainn.
14 Léifidh sibh an leabhar seo atá curtha chugaibh againn i dtreo go bhféadfar admháil peacaí a dhéanamh i dteach an Tiarna ar an bhféile agus ar laethanta cuí eile.
15 Déarfaidh sibh: Is ag an Tiarna atá an ceart; ach, mar is léir inniu, is cóir aghaidheanna, atá ar lasadh le náire, a bheith orainne: ar mhuintir Iúdá agus ar áitritheoirí Iarúsailéim,
16 ar ár ríthe agus ar ár bprionsaí, ar ár sagairt agus ar ár bhfáithe agus ar ár n‑aithreacha.
17 Óir, pheacaíomar in aghaidh an Tiarna;