13 Guígí ar ár son-na freisin chun an Tiarna, ár nDia, mar pheacaíomar in aghaidh an Tiarna, ár nDia, agus go dtí an lá seo féin níor iompaíodh fraoch ná fearg an Tiarna uainn.
14 Léifidh sibh an leabhar seo atá curtha chugaibh againn i dtreo go bhféadfar admháil peacaí a dhéanamh i dteach an Tiarna ar an bhféile agus ar laethanta cuí eile.
15 Déarfaidh sibh: Is ag an Tiarna atá an ceart; ach, mar is léir inniu, is cóir aghaidheanna, atá ar lasadh le náire, a bheith orainne: ar mhuintir Iúdá agus ar áitritheoirí Iarúsailéim,
16 ar ár ríthe agus ar ár bprionsaí, ar ár sagairt agus ar ár bhfáithe agus ar ár n‑aithreacha.
17 Óir, pheacaíomar in aghaidh an Tiarna;
18 ní rabhamar umhal dó ná níor éisteamar le glór an Tiarna, ár nDia, d'fhonn go gcoimeádfaimis na haitheanta a leag sé orainn.
19 Ón lá a threoraigh an Tiarna ár n‑aithreacha amach as an Éigipt go dtí an lá atá inniu ann, bhíomar easumhal don Tiarna, ár nDia, agus le corp neamhshuime níor éisteamar lena ghlór.