15 Déarfaidh sibh: Is ag an Tiarna atá an ceart; ach, mar is léir inniu, is cóir aghaidheanna, atá ar lasadh le náire, a bheith orainne: ar mhuintir Iúdá agus ar áitritheoirí Iarúsailéim,
16 ar ár ríthe agus ar ár bprionsaí, ar ár sagairt agus ar ár bhfáithe agus ar ár n‑aithreacha.
17 Óir, pheacaíomar in aghaidh an Tiarna;
18 ní rabhamar umhal dó ná níor éisteamar le glór an Tiarna, ár nDia, d'fhonn go gcoimeádfaimis na haitheanta a leag sé orainn.
19 Ón lá a threoraigh an Tiarna ár n‑aithreacha amach as an Éigipt go dtí an lá atá inniu ann, bhíomar easumhal don Tiarna, ár nDia, agus le corp neamhshuime níor éisteamar lena ghlór.
20 Dá bharr sin, mar is léir anois, tá tubaistí á gcarnadh orainn mar aon leis an mallacht a rinne Maois, seirbhíseach an Tiarna, ar a ordu, an lá a threoraigh sé ár sinsir as an Éigipt chun tíre a bhfuil mil agus bainne ina slaoda inti, a thabhairt dúinn.
21 Níor éisteamar, áfach, le glór an Tiarna a léiríodh dúinn i mbriathra uile na bhfáithe a chuir sé chugainn.