3 Leigh Barúch an leabhar seo os ard i láthair Iacoiniá, mac Iahóiácaím, rí Iúdá, agus na ndaoine go léir a tháinig le chéile chun éisteacht leis,
4 agus os comhair na móruaisle agus chlann mhac na ríthe agus na seanóirí agus an phobail go léir, idir óg agus aosta, is é sin le rá, i bhfianaise na ndaoine uile a raibh cónaí orthu sa Bhablóin, ar bhruacha na habhann Súd.
5 Agus thosaigh siad ag caoineadh agus ag troscadh agus ag guí os comhair an Tiarna.
6 Rinne siad bailiúchán airgid ansin, gach duine díobh ag tabhairt síntiúis uaidh de réir mar ab acmhainn dó,
7 agus sheol siad go Iarúsailéim é go dtí an sagart Iahóiácaím, mac Hilcíá, mac Shealúm, agus go dtí na sagairt eile agus go dtí na daoine go léir a bhí in éineacht leis in Iarúsailéim.
8 Ag an am seo freisin, an deichiú lá de mhí Shíován, ghlac Barúch soithí theach an Tiarna, a tógadh as an Teampall tráth, agus thug sé leis ar ais iad go tír Iúdá. B'iad seo na soithí airgid a chuir Zidicíá, mac Ióisíá, rí Iúdá, á ndéanamh,
9 tar éis do Nabúcadnazar, rí na Bablóine, Iacoiniá agus na prionsaí agus na cimí agus na móruaisle agus cosmhuintir na tíre a bhreith leis ó Iarúsailéim chun iad a thabhairt go dtí an Bhablóin.