5 Agus thosaigh siad ag caoineadh agus ag troscadh agus ag guí os comhair an Tiarna.
6 Rinne siad bailiúchán airgid ansin, gach duine díobh ag tabhairt síntiúis uaidh de réir mar ab acmhainn dó,
7 agus sheol siad go Iarúsailéim é go dtí an sagart Iahóiácaím, mac Hilcíá, mac Shealúm, agus go dtí na sagairt eile agus go dtí na daoine go léir a bhí in éineacht leis in Iarúsailéim.
8 Ag an am seo freisin, an deichiú lá de mhí Shíován, ghlac Barúch soithí theach an Tiarna, a tógadh as an Teampall tráth, agus thug sé leis ar ais iad go tír Iúdá. B'iad seo na soithí airgid a chuir Zidicíá, mac Ióisíá, rí Iúdá, á ndéanamh,
9 tar éis do Nabúcadnazar, rí na Bablóine, Iacoiniá agus na prionsaí agus na cimí agus na móruaisle agus cosmhuintir na tíre a bhreith leis ó Iarúsailéim chun iad a thabhairt go dtí an Bhablóin.
10 Tá airgead á chur chugaibh againn - ar siad. Leis an airgead seo ceannaígí ábhar íobairtí lándóite agus ofrálacha le haghaidh peacaí agus túis; déanaigí ofráil arbhair a sholáthar chomh maith; ofrálaigí iad ar altóir an Tiarna, ár nDia.
11 Guígí ar son Nabúcadnazar, rí na Bablóine, agus ar son Bhaltasar, a mhac, ionas go mbeidh a laethanta chomh buan leis na flaithis féin atá os cionn na talún.