1 Mar sin de, chuir an Tiarna i gcrích an bhagairt a rinne sé inár n‑aghaidh agus in aghaidh na mbreithiúna a rialaíodh Iosrael tráth, in aghaidh ár ríthe, in aghaidh ár móruaisle agus in aghaidh chosmhuintir Iosrael agus Iúdá;
2 is amhlaidh a thug sé orainn anacraí géara nár cheadaigh sé a leithéid áit ar bith eile faoin spéir; de réir mar atá sé scríofa i ndlí Mhaois thit sé amach in Iarúsailéim
3 gur ith duine amháin dínn feoil a mhic agus duine eile feoil a iníne;
4 chuir an Tiarna iad faoi smacht na ríochtaí uile atá inár dtimpeall ionas go mbeidís ina n‑ábhar aithise agus ainnise i measc na náisiún uile máguaird a raibh sé tar éis iad a scaipeadh iontu.