10 Ach níor éisteamar lena ghlór á rá linn maireachtáil de réir na n‑aitheanta a leag sé orainn.
11 Agus anois, a Thiarna, a Dhia Iosrael, threoraigh tú do phobal amach as an Éigipt le láimh láidir agus le comharthaí agus le héachtaí, le fuinneamh mór agus le cuisle chumasach agus, mar is léir dúinn inniu, thuill tú clú duit féin dá bharrsan;
12 ach, a Thiarna, a Dhia linn, pheacaíomar; bhíomar éagráifeach agus rinneamar an éagóir, gníomhartha a bhí in aghaidh do reachtanna uile.
13 Go maolaítear uainn, áfach, do chuid feirge mar níl ach buíon bheag dínn fágtha i measc na náisiún ar scaip tú sinn iontu.
14 Éist, a Thiarna, lenár nguí agus lenár n‑achainí agus fuascail sinn ar son d'ainm agus deonaigh dúinn go mbeidh gnaoi na ndaoine a thug ar deoraíocht sinn orainn,
15 ionas go mbeidh a fhios ag an domhan go léir gur tusa an Tiarna, ár nDia, de bhrí gur tugadh d'ainm ar Iosrael agus ar a shliocht.
16 Dearc anuas, a Thiarna, ó d'áitreabh naofa agus cuimhnigh orainn; claon do chluas, a Thiarna, agus éist linn.