16 Dearc anuas, a Thiarna, ó d'áitreabh naofa agus cuimhnigh orainn; claon do chluas, a Thiarna, agus éist linn.
17 Oscail do shúile agus féach orainn; mar ní hiad na mairbh atá in Háidéas a bhfuil an anáil imithe as a gcorp a thabharfaidh glóir agus ceartseirbhís don Tiarna
18 ach na daoine a mbíonn buaireamh an-mhór orthu agus a bhíonn ag gabháil timpeall agus iad cromtha síos go lagbhríoch agus radharc a súl ag meath agus iad stiúgtha leis an ocras; sin iad na daoine a thabharfaidh glóir duit agus a fhónfaidh duit go hionraic.
19 Óir, ní mar gheall ar dhea-oibreacha ár n‑aithreacha agus ár ríthe atáimid a iarraidh ort trócaire a dhéanamh orainn, a Thiarna, a Dhia linn.
20 Mar, tá tú tar éis fearg agus fraoch a ghlacadh linn de réir mar a d'fhógair tú trí bhéal do sheirbhíseach, na fáithe:
21 “Is mar seo a labhraíonn an Tiarna,” ar siad, “cromaigí bhur nguaillí agus déanaigí seirbhís do rí na Bablóine agus fanfaidh sibh sa tír a thug mé do bhur n‑aithreacha.
22 Ach mura n‑éisteann sibh le glór an Tiarna á rá libh seirbhís a dhéanamh do rí na Bablóine,