18 ach na daoine a mbíonn buaireamh an-mhór orthu agus a bhíonn ag gabháil timpeall agus iad cromtha síos go lagbhríoch agus radharc a súl ag meath agus iad stiúgtha leis an ocras; sin iad na daoine a thabharfaidh glóir duit agus a fhónfaidh duit go hionraic.
19 Óir, ní mar gheall ar dhea-oibreacha ár n‑aithreacha agus ár ríthe atáimid a iarraidh ort trócaire a dhéanamh orainn, a Thiarna, a Dhia linn.
20 Mar, tá tú tar éis fearg agus fraoch a ghlacadh linn de réir mar a d'fhógair tú trí bhéal do sheirbhíseach, na fáithe:
21 “Is mar seo a labhraíonn an Tiarna,” ar siad, “cromaigí bhur nguaillí agus déanaigí seirbhís do rí na Bablóine agus fanfaidh sibh sa tír a thug mé do bhur n‑aithreacha.
22 Ach mura n‑éisteann sibh le glór an Tiarna á rá libh seirbhís a dhéanamh do rí na Bablóine,
23 cuirfidh mé ina thost guth an tsubhachais agus na lúcháire, glór an fhir nuaphósta agus na brídeoige i mbailte Iúdá agus in Iarúsailéim agus beidh an tír go léir ina fásach gan áitritheoirí.”
24 Ach níor éisteamar le do ghlór á rá linn seirbhís a dhéanamh. Mar sin de, chuir tú i gcrích na briathra a labhair tú trí bhéal do sheirbhíseach, na fáithe; go dtógfaí amach as a n‑ionad adhlactha cnámha ár ríthe agus ár n‑aithreacha;