2 is amhlaidh a thug sé orainn anacraí géara nár cheadaigh sé a leithéid áit ar bith eile faoin spéir; de réir mar atá sé scríofa i ndlí Mhaois thit sé amach in Iarúsailéim
3 gur ith duine amháin dínn feoil a mhic agus duine eile feoil a iníne;
4 chuir an Tiarna iad faoi smacht na ríochtaí uile atá inár dtimpeall ionas go mbeidís ina n‑ábhar aithise agus ainnise i measc na náisiún uile máguaird a raibh sé tar éis iad a scaipeadh iontu.
5 In ionad iad a bheith i gceannas is é an chaoi a bhí siad faoi chois mar pheacaíomar in aghaidh an Tiarna nuair nár éisteamar lena ghlór.
6 Is ag an Tiarna, ár nDia, atá an ceart; ach is léir inniu, is cóir aghaidheanna, atá ar lasadh le náire, a bheith orainne agus ar ár n‑aithreacha.
7 Na hanachana sin go léir a bhagair an Tiarna orainn, tháinig siad orainn.
8 Mar sin féin, níor iarramar d'achainí ar an Tiarna gach duine dínn a iompú ó smaointe claona a chroí mhallaithe;