27 Mar sin féin, a Thiarna, a Dhia linn, chaith tú linn de réir do cheansachta caoine agus do mhórthrócaire uile
28 faoi mar a d'fhógair tú trí bhéal do sheirbhísigh, Maois, nuair a d'ordaigh tú dó do dhlí a scríobh síos i láthair mhuintir Iosrael, á rá:
29 “Mura n‑éisteann sibh le mo ghlór, déanfar buíon bheag den slua ábhalmhór seo i measc ha náisiún a scaipfidh mé iontu iad.
30 Óir, is eol dom nach n‑éistfidh siad liom mar is ceanndána an pobal iad. Ach i dtír a ndeoraíochta béarfaidh siad ar a gciall
31 agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna, a nDia. Agus tabharfaidh mé dóibh croí géilliúil agus cluasa aireacha;
32 agus molfaidh siad mé i dtír a ndeoraíochta agus tabharfaidh siad m'ainm chun chuimhne
33 agus iompóidh siad óna stuacacht agus óna ndrochghníomhartha; mar cuimhneoidh siad ar shlite a n‑aithreacha a pheacaigh in aghaidh an Tiarna;