31 agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna, a nDia. Agus tabharfaidh mé dóibh croí géilliúil agus cluasa aireacha;
32 agus molfaidh siad mé i dtír a ndeoraíochta agus tabharfaidh siad m'ainm chun chuimhne
33 agus iompóidh siad óna stuacacht agus óna ndrochghníomhartha; mar cuimhneoidh siad ar shlite a n‑aithreacha a pheacaigh in aghaidh an Tiarna;
34 agus treoróidh mé arís iad isteach sa tír a gheall mé de bhrí na mionn dá n‑aithreacha, d'Abrahám, agus d'Íosác agus d'Iacób agus rialóidh siad é; agus cuirfidh mé lena líon agus ní thiocfaidh laghdú ar bith orthu.
35 Déanfaidh mé conradh síoraí
36 leo sa chaoi go mbeidh mise i mo Dhia acusan agus go mbeidh siad ina bpobal agamsa. Agus ní dhíbreoidh mé mo phobal Iosrael choíche arís as an tír a thug mé dóibh.”