4 chuir an Tiarna iad faoi smacht na ríochtaí uile atá inár dtimpeall ionas go mbeidís ina n‑ábhar aithise agus ainnise i measc na náisiún uile máguaird a raibh sé tar éis iad a scaipeadh iontu.
5 In ionad iad a bheith i gceannas is é an chaoi a bhí siad faoi chois mar pheacaíomar in aghaidh an Tiarna nuair nár éisteamar lena ghlór.
6 Is ag an Tiarna, ár nDia, atá an ceart; ach is léir inniu, is cóir aghaidheanna, atá ar lasadh le náire, a bheith orainne agus ar ár n‑aithreacha.
7 Na hanachana sin go léir a bhagair an Tiarna orainn, tháinig siad orainn.
8 Mar sin féin, níor iarramar d'achainí ar an Tiarna gach duine dínn a iompú ó smaointe claona a chroí mhallaithe;
9 ach bhí an Tiarna ag faire na faille orainn chun na hanacraí sin a thabhairt orainn; mar is cóir é an Tiarna maidir leis na horduithe uile a thug sé dúinn le comhlíonadh.
10 Ach níor éisteamar lena ghlór á rá linn maireachtáil de réir na n‑aitheanta a leag sé orainn.