13 Dá mbeitheá tar éis slí an Tiarna a leanúintbheitheá ag maireachtáil sa tsíocháin de shíor.
14 Foghlaim cá bhfuil an chríonnachtagus an chumhacht agus an tuiscint,chun a fháil amach ag an am céannacá bhfuil fad saoil agus an bheathaagus solas don tsúil agus an tsíocháin.
15 Cé a fuair amach riamh áitreabh na heagna?Cé a chuaigh isteach ina stórais riamh?
16 Cá bhfuil ceannairí na gciníochaagus ceansaitheoirí ainmhithe na cruinne?
17 Cá bhfuil foghlaeirí éanlaith an aeiragus lucht taiscthe airgid agus óir -nithe a gcuireann daoine a muinín iontu -ar dream iad nach bhfuil ríochan lena saibhreas.
18 Cá bhfuil na gaibhne gealaa oibríonn chomh cúramach sinnach bhfuil cur síos ar ealaíontacht a saothair?
19 Tá siad go léir téaltaithe leoagus imithe síos go Háidéasagus tá dream eile tar éis éirí suas ina n‑áit.