17 Cá bhfuil foghlaeirí éanlaith an aeiragus lucht taiscthe airgid agus óir -nithe a gcuireann daoine a muinín iontu -ar dream iad nach bhfuil ríochan lena saibhreas.
18 Cá bhfuil na gaibhne gealaa oibríonn chomh cúramach sinnach bhfuil cur síos ar ealaíontacht a saothair?
19 Tá siad go léir téaltaithe leoagus imithe síos go Háidéasagus tá dream eile tar éis éirí suas ina n‑áit.
20 Tháinig glúin níos óige ar an saol,agus d'áitrigh siad an tír ina ndiaidh;ach níorbh fhios dóibh ach oiread slí an eolais;
21 ná níor thug siad aird ar a bealaíná ní raibh siad gafa léi chor ar bith;is amhlaidh a d'imigh a gclann mhaci bhfad ar fán óna bealach.
22 Níor chualathas trácht uirthi i gCanán;ná ní fhacthas í i dTéamán.
23 Fiú amháin sliocht Ágara bhíonn ar thóir na tuisceana ar an talamh,agus trádálaithe [Mhidián] agus Théamánagus na seanchaithe agus lucht cuardaithe an eolais,níor aimsigh siad slí na heagnaná níor chuimhin leo a bealaí.