26 Is ann a gineadh na fathaigh cháiliúla,a bhí ann anallód -fír a bhí an-ard agus oilte i gcúrsaí cogaidh.
27 Níorbh iad siúd a thogh Dia,ná ní dóibh a thaispeáin sé slí an eolais.
28 Bascadh iad toisc gan bua na tuisceana a bheith acu;díothaíodh iad mar gheall ar a ndíth céille.
29 Cé a chuaigh suas ar neamhchun breith uirthiagus chun í a thabhairt anuas chugainnó na néalta?
30 Cé a chuaigh thar lear chun í a fháilagus a cheannach ar thogha an óir?
31 Ní eol d'aon duine an tslí chuiciná ní mian le duine ar bithan bealach chuici a leanúint.
32 Ach an té arb eol dó gach uile ní,is aithnid dósan í.Chuir sé eolas uirthi de thoradh a ghaoise.An té a chóirigh an chruinnechun go mbeadh sí ann go deo,líon sé le hainmhithe ceathairchosacha í.