9 Éist, a Iosrael, le haitheanta na beatha;tabhair cluas d'fhonn an chríonnacht a fhoghlaim.
10 Cén fáth, a Iosrael, cén fátha bhfuil tú ag lonnú i dtír do naimhdeagus ag dul in aois i dtír iasachta?
11 Cén fáth ar truaillíodh ag na mairbh thúagus ar áiríodh thú orthu siúda théann síos go Háidéas?
12 Toisc gur thréig tú tobar na heagna.
13 Dá mbeitheá tar éis slí an Tiarna a leanúintbheitheá ag maireachtáil sa tsíocháin de shíor.
14 Foghlaim cá bhfuil an chríonnachtagus an chumhacht agus an tuiscint,chun a fháil amach ag an am céannacá bhfuil fad saoil agus an bheathaagus solas don tsúil agus an tsíocháin.
15 Cé a fuair amach riamh áitreabh na heagna?Cé a chuaigh isteach ina stórais riamh?