13 Níorbh eol dóibh a reachtanna;níor shiúil siad ar bhóithre aitheanta Déná níor lean siad bealaí teagaisc a fhíréantachta.
14 Tagadh comharsana Shíón anseo;cuimhnígí ar bhraighdeanas mo mhacra agus m'iníonra,a ghearr an Neach Síoraí orthu mar phionós.
15 Óir scaoil sé ina n‑aghaidhnáisiún a tháinig ó i bhfad i gcéin,náisiún mínáireach, a labhair teanga choimhthíoch,nár thug urraim do sheandaoineagus nach raibh trua aige do leanaí óga,
16 agus a thug chun siúil macra muirneach na baintríagus a d'fhág ina haonar í i bhfad óna hiníonra.
17 I dtaca liomsa de, áfach,conas is féidir dom cabhrú libh?
18 Óir, an té a scaoil na hanacraí anuas oraibh,sciobfaidh sé ó lámha bhur naimhde sibh.
19 Imígí libh, a chlann ó, imígí;mar táimse fágtha anseo i m'aonar.