17 I dtaca liomsa de, áfach,conas is féidir dom cabhrú libh?
18 Óir, an té a scaoil na hanacraí anuas oraibh,sciobfaidh sé ó lámha bhur naimhde sibh.
19 Imígí libh, a chlann ó, imígí;mar táimse fágtha anseo i m'aonar.
20 Bhain mé róba na síochána díomagus chuir mé éadach róin an impígh orm;beidh mé ag glaoch ar an Neach Síoraífad a bheidh mé beo.
21 Bíodh misneach agaibh, a chlann ó!Glaoigí ar Dhia!Eisean a sciobfaidh sibh ón ansmachtagus ó lámha bhur naimhde.
22 Óir is as an Neach Síoraí atá mo dhóchasgo sábhálfar sibh;mar líon an tAon Naofa, bhur Slánaitheoir Síoraí,mo chroí le háthas de bharr na trócairea dhéanfar oraibh ar ball beag.
23 Óir, sheol mé amach uaim sibhfaoi bhrón agus faoi bhuairt;ach tabharfaidh Dia ar ais dom sibhle háthas agus le lúcháir a mhairfídh go deo.