2 Iompaigh, a Iacóib, agus beir uirthi;ar aghaidh leat i dtreo na loinnreachin airicis a cuid solais.
3 Ná tabhair do ghradam d'aon duine eile;ná bronn do phribhléidí ar chine coimhthíoch.
4 Is méanar dúinne, a Iosrael,mar is eol dúinnna nithe atá taitneamhach le Dia.
5 Bíodh misneach agaibh, a phobal liom,a shéadchomhartha Iosrael!
6 Ní chun go ndíothófaí sibha díoladh leis na náisiúin sibh;is amhlaidh a tugadh ar láimh do bhur naimhde sibhtoisc gur chuir sibh fearg ar Dhia.
7 Óir chuir sibh bhur gcruthaitheoir le builetoisc nach do Dhia ach do dheamhaina rinne sibh íobairtí.
8 Lig sibh i ndíchuimhnean Dia síoraí a chruthaigh sibhagus thairis sin chuir sibh brónar Iarúsailéim, bhur mbuime.