22 Óir is as an Neach Síoraí atá mo dhóchasgo sábhálfar sibh;mar líon an tAon Naofa, bhur Slánaitheoir Síoraí,mo chroí le háthas de bharr na trócairea dhéanfar oraibh ar ball beag.
23 Óir, sheol mé amach uaim sibhfaoi bhrón agus faoi bhuairt;ach tabharfaidh Dia ar ais dom sibhle háthas agus le lúcháir a mhairfídh go deo.
24 Amhail mar a chonaic áitritheoirí Shíónbhur mbraighdeanas anois beag,sin mar a fheicfidh siad gan mhoillan tarrtháil a dhéanfaidh bhur nDia oraibh,tarrtháil a dhéanfar oraibhle mórghlóir agus le niamhracht an Neach Shíoraí.
25 Cuirigí suas go foighneach, a chlann ó,leis an racht feirgea lig Dia amach in bhur n‑aghaidh.Tá bhur naimhde tar éis teacht suas libhach ar ball beag feicfidh sibhiad á mbascadh agus satlóidh sibh ar a muiníl.
26 Tá mo pheataí tar éis bóithre garbha a ghabháil;tógadh chun siúil iadmar thréad a ndearna an namhaid foghail air.
27 Músclaígí bhur misneach, a chlann ó;agus glaoigí ar Dhia.Óir, an té a tharraing an tubaiste seo oraibh,ní ligfidh sé i ndíchuimhne sibh.
28 Faoi mar a bhí sé ar intinn agaibhdul ar seachrán ó Dhia,casaigí ar ais anoisagus lorgaigí é le barr bhur ndíchill.