23 Óir, sheol mé amach uaim sibhfaoi bhrón agus faoi bhuairt;ach tabharfaidh Dia ar ais dom sibhle háthas agus le lúcháir a mhairfídh go deo.
24 Amhail mar a chonaic áitritheoirí Shíónbhur mbraighdeanas anois beag,sin mar a fheicfidh siad gan mhoillan tarrtháil a dhéanfaidh bhur nDia oraibh,tarrtháil a dhéanfar oraibhle mórghlóir agus le niamhracht an Neach Shíoraí.
25 Cuirigí suas go foighneach, a chlann ó,leis an racht feirgea lig Dia amach in bhur n‑aghaidh.Tá bhur naimhde tar éis teacht suas libhach ar ball beag feicfidh sibhiad á mbascadh agus satlóidh sibh ar a muiníl.
26 Tá mo pheataí tar éis bóithre garbha a ghabháil;tógadh chun siúil iadmar thréad a ndearna an namhaid foghail air.
27 Músclaígí bhur misneach, a chlann ó;agus glaoigí ar Dhia.Óir, an té a tharraing an tubaiste seo oraibh,ní ligfidh sé i ndíchuimhne sibh.
28 Faoi mar a bhí sé ar intinn agaibhdul ar seachrán ó Dhia,casaigí ar ais anoisagus lorgaigí é le barr bhur ndíchill.
29 Óir, an té a tharraing na hanacraí anuas oraibh,tabharfaidh sé aoibhneas síoraí daoibh,nuair a shábhálfaidh sé sibh.