27 Músclaígí bhur misneach, a chlann ó;agus glaoigí ar Dhia.Óir, an té a tharraing an tubaiste seo oraibh,ní ligfidh sé i ndíchuimhne sibh.
28 Faoi mar a bhí sé ar intinn agaibhdul ar seachrán ó Dhia,casaigí ar ais anoisagus lorgaigí é le barr bhur ndíchill.
29 Óir, an té a tharraing na hanacraí anuas oraibh,tabharfaidh sé aoibhneas síoraí daoibh,nuair a shábhálfaidh sé sibh.
30 Bíodh misneach agat, a Iarúsailéim.An té a thug d'ainm duit,is é a ghríosann thú.
31 Is mairg dóibh siúd a thug drochíde ortagus arb ábhar áthais dóibh do thurnamh.
32 Is mairg do na cathrachaa raibh do chlann ina sclábhaithe acu,is mairg freisin don chathair úda ghlac le do mhacra.
33 Óir, faoi mar ab ábhar áthais di do thurnamhagus gur bhain sí taitneamh as do léirscrios,sin mar a bheidh sí trombhuarthamar gheall ar a bánú féin.