9 Óir chonaic sí go raibh fearg Détar éis éirí in bhur gcoinne agus dúirt sí:Éistigí, a chomharsana Shíón;tá Dia tar éis buairt mhór a chur orm.
10 Óir chonaic mé mo mhacra agus m'iníonraá seoladh uaim ina mbraighdeanaigh chogaidh -pionós a ghearr an Neach Síoraí orthu.
11 Thóg mé iad go lúcháireachach is faoi bhrón agus faoi bhuairta b'éigean dom iad a ligean uaim.
12 Ná bíodh sé ina ábhar áthais ag aon duinemise a bheith i mo bhaintreachagus mé fágtha liom féin ag cách;tréigeadh mé de dheasca peacaí mo chlainne;óir chlaon siad ó dhlí Dé.
13 Níorbh eol dóibh a reachtanna;níor shiúil siad ar bhóithre aitheanta Déná níor lean siad bealaí teagaisc a fhíréantachta.
14 Tagadh comharsana Shíón anseo;cuimhnígí ar bhraighdeanas mo mhacra agus m'iníonra,a ghearr an Neach Síoraí orthu mar phionós.
15 Óir scaoil sé ina n‑aghaidhnáisiún a tháinig ó i bhfad i gcéin,náisiún mínáireach, a labhair teanga choimhthíoch,nár thug urraim do sheandaoineagus nach raibh trua aige do leanaí óga,