1 Bain díot, a Iarúsailéim,do róba dobróin agus ainniseagus bíodh niamhracht ghlóir Déá caitheamh agat go brách.
2 Cóirigh thú féin faoi bhrat na fíréantachtaa thagann ó Dhia;cuir ar do cheann coróin ghlóir an Neach Shíoraí.
3 Óir taispeánfaidh Dia do bhreáthachtdo gach náisiún faoin spéir.
4 Is é an t‑ainm a thabharfaidh Dia ort feasta:An tSíocháin a Ghineann an Fhíréantacht,An Ghlóir a Eascraíonn ón gCráifeacht.
5 Éirigh, a Iarúsailéim, agus seas ar na hardaagus breathnaigh soir, go bhfeice tú do chlannagus iad bailithe le chéile anoir agus aniar,ar ordú an Neach Naofaagus iad ag déanamh lúcháirede bhrí go bhfuil Dia tar éis cuimhneamh orthu.