5 Éirigh, a Iarúsailéim, agus seas ar na hardaagus breathnaigh soir, go bhfeice tú do chlannagus iad bailithe le chéile anoir agus aniar,ar ordú an Neach Naofaagus iad ag déanamh lúcháirede bhrí go bhfuil Dia tar éis cuimhneamh orthu.
6 Óir, d'imigh siad amach uait de shiúl a gcosagus iad á dtiomáint ag a naimhde.Ach tá Dia á dtabhairt ar ais chugatagus iad á n‑iompar go glórmharmar fhlatha ríoga.
7 Mar tá Dia tar éis ordú a thabhairtgo n‑ísleofaí gach cnoc ard agus na sléibhte síoraí,agus go líonfaí isteach na gleannta, ina machaire réidh,chun go bhféadfadh Iosrael siúl go sábháilte slán faoi ghlóir Dé.
8 Tabharfaidh na coillte agus gach crann cumhrascáth d'Iosrael ar ordú Dé.
9 Óir treoróidh Dia Iosrael go lúcháireachagus leis an trócaire agus leis an ionracasis dual dó.