1 Cóip den litir a chuir Irimia chucusan a raibh rí na mBablónach ar tí iad a thabhairt go dtí an Bhablóin ina gcimí, chun an teagasc a fuair sé ó Dhia a fhógairt dóibh:
2 De dheasca na bpeacaí a rinne sibh in aghaidh Dé tabharfaidh Nabúcadnazar, rí na mBablónach, sibh in bhur gcimí go dtí an Bhablóin.
3 Nuair a bhainfidh sibh an Bhablóin amach, mar sin, fanfaidh sibh ann ar feadh mórán blianta, go ceann i bhfad, suas le seacht nglúin; ach ina dhiaidh sin tabharfaidh mé amach as an áit sin sibh faoi shíocháin.
4 Anois, sa Bhablóin feicfidh sibh déithe atá déanta d'airgead agus d'ór agus d'adhmad a bhíonn á n‑iompar ar ghuaillí daoine agus a chuireann eagla ar na gintlithe.
5 Mar sin de, seachnaígí le nach mbeadh sibhse freisin cosúil leis na hallúraigh i ngach slí agus go dtiocfadh eagla na ndéithe seo oraibh, nuair a fheicfidh sibh ollslua daoine rompu amach agus ina ndiaidh ag tabhairt ómóis dóibh.
6 Ach abraigí in bhur gcroí: Is tú amháin, a Thiarna, a chaithfimid a adhradh.
7 Óir tá m'aingeal in bhur dteannta agus is eisean a bhíonn ag tabhairt aire do bhur n‑anamacha.