11 fiú amháin, tugann siad cuid de do na striapacha a chónaíonn sna seomraí cúil. Na déithe seo atá déanta d'airgead agus d'ór agus d'adhmad cuirtear baill éadaigh orthu faoi mar ba dhaoine iad
12 ach ní féidir dóibh iad féin a dhíonadh ar mheirg nó ar chreimeadh d'ainneoin na róbaí corcra a chuirtear orthu.
13 Thairis sin, caithfear a n‑aghaidheanna a ghlanadh ó luaithreach an teampaill a bhíonn ina luí orthu go trom.
14 Bíonn slat ag an dia amhail mar a bhíonn ag breitheamh cúige ach ní féidir dó aon duine a dhéanann éagóir air a dhíothú.
15 Ina láimh dheis bíonn miodóg agus tá tua aige freisin ach ní thig leis é féin a chosaint ar chogadh agus ar robálaithe.
16 Is léir uaidh sin nach déithe iad; mar sin de, ná bíodh eagla oraibh rompu.
17 Nuair a bhristear soitheach éigin ar dhuine, ní bhíonn aon mhaitheas ann dó feasta; is é an dála céanna é ag déithe na ngintlithe a bhíonn ina suí ina dteampaill. Óir bíonn a súile lán de luaithreach a thógann cosa na ndaoine a théann isteach iontu.