16 Is léir uaidh sin nach déithe iad; mar sin de, ná bíodh eagla oraibh rompu.
17 Nuair a bhristear soitheach éigin ar dhuine, ní bhíonn aon mhaitheas ann dó feasta; is é an dála céanna é ag déithe na ngintlithe a bhíonn ina suí ina dteampaill. Óir bíonn a súile lán de luaithreach a thógann cosa na ndaoine a théann isteach iontu.
18 Agus faoi mar a dhúntar na doirse ar gach taobh ar dhuine atá tar éis éagóir a dhéanamh ar rí agus atá faoi bhreith báis dá bharr, mar an gcéanna daingníonn na sagairt a dteampaill le doirse agus le glais agus le barraí le heagla go ndéanfadh robálaithe iad a chreachadh.
19 Lasann siad níos mó lampaí do na déithe ná dóibh féin cé nach féidir dóibh sean aon cheann díobh a fheiceáil.
20 Is ionann [na déithe] seo agus ceann de bhíomaí an teampaill; deirtear go mbíonn a gcroíthe á gcreimeadh ag na seangáin bhána a thagann aníos as an talamh agus a itheann iad agus a gcuid éadaigh.
21 Nuair a dhubhaíonn deatach an teampaill a n‑aghaidheanna, ní thugann siad faoi deara é.
22 Bíonn sciatháin leathair agus fáinleoga agus éin eile agus go fiú na cait ag tuirlingt ar a gcoirp agus ar a gcinn.