20 Is ionann [na déithe] seo agus ceann de bhíomaí an teampaill; deirtear go mbíonn a gcroíthe á gcreimeadh ag na seangáin bhána a thagann aníos as an talamh agus a itheann iad agus a gcuid éadaigh.
21 Nuair a dhubhaíonn deatach an teampaill a n‑aghaidheanna, ní thugann siad faoi deara é.
22 Bíonn sciatháin leathair agus fáinleoga agus éin eile agus go fiú na cait ag tuirlingt ar a gcoirp agus ar a gcinn.
23 Beidh a fhios agaibh uaidh sin nach déithe iad; mar sin de, ná bíodh eagla oraibh rompu.
24 Maidir leis an ór a chuirtear umpu mar mhaise, mura gcuimlítear an smál de, ní bheidh siad ag glioscarnach; óir, fiú nuair a bhítí á dteilgean, níor mhothaigh siad dada.
25 Is ar an luach is airde a cheannaítear iad; mar sin féin, ní bhíonn dé dá laghad iontu.
26 Ós rud é nach bhfuil cosa acu, caithfear iad a iompar ar ghuaillí daoine - rud a thaispeánann a n‑éadairbhe do chách.