24 Maidir leis an ór a chuirtear umpu mar mhaise, mura gcuimlítear an smál de, ní bheidh siad ag glioscarnach; óir, fiú nuair a bhítí á dteilgean, níor mhothaigh siad dada.
25 Is ar an luach is airde a cheannaítear iad; mar sin féin, ní bhíonn dé dá laghad iontu.
26 Ós rud é nach bhfuil cosa acu, caithfear iad a iompar ar ghuaillí daoine - rud a thaispeánann a n‑éadairbhe do chách.
27 Thairis sin, cuirtear náire orthu siúd a dhéanann freastal orthu; óir, aon uair a thiteann ceann de na déithe ar lár, ní féidir dó éirí as a stuaim féin; rud eile, má chuirtear ceann díobh ina sheasamh, ní féidir dó corraí; agus má chuirtear leath stuaic ar cheann díobh, ní féidir dó é féin a dhíriú. Dá ainneoin sin uile cuirtear bronntanais os a gcomhair faoi mar a chuirtear os comhair na marbh.
28 Díolann na sagairt na hofrálacha a bhronntar ar na déithe agus caitheann siad an t‑airgead orthu féin; ar an gcuma chéanna déanann a mná céile cuid díobh a shailleadh ach ní roinneann siad aon bhlúire díobh ar an mbocht nó ar an lag.
29 Mná atá ag cur a gcuid fola míosta agus iad siúd freisin atá tar éis éirí as leaba luí seoil, ligtear dóibh a lámha a leagan ar na hofrálacha seo chomh maith. Mar sin de, ós eol daoibh ó na nithe seo nach déithe iad, ná bíodh eagla oraibh rompu.
30 Óir, cén fáth a nglaofaí déithe orthu, ós rud é go leagann mná béilí roimh na déithe seo airgid agus óir agus adhmaid?