28 Díolann na sagairt na hofrálacha a bhronntar ar na déithe agus caitheann siad an t‑airgead orthu féin; ar an gcuma chéanna déanann a mná céile cuid díobh a shailleadh ach ní roinneann siad aon bhlúire díobh ar an mbocht nó ar an lag.
29 Mná atá ag cur a gcuid fola míosta agus iad siúd freisin atá tar éis éirí as leaba luí seoil, ligtear dóibh a lámha a leagan ar na hofrálacha seo chomh maith. Mar sin de, ós eol daoibh ó na nithe seo nach déithe iad, ná bíodh eagla oraibh rompu.
30 Óir, cén fáth a nglaofaí déithe orthu, ós rud é go leagann mná béilí roimh na déithe seo airgid agus óir agus adhmaid?
31 Thairis sin, bíonn na sagairt ina suí ina dteampaill agus a gclócaí sractha acu agus a gcinn agus a bhféasóga bearrtha agus iad ceann-nochta;
32 bíonn siad ag béicíl agus ag liúireach os comhair a ndéithe faoi mar a dhéantar ag tórramh marbháin.
33 Ardaíonn na sagairt cuid d'éadach na ndéithe leo agus gléasann siad a mná céile agus a bpáistí leis.
34 Cibé acu comaoin nó drochchomaoin a chuirtear orthu, ní féidir dóibh í a chúiteamh. Ní mó ná sin is féidir dóibh rí a chur i réim nó a bhriseadh.