32 bíonn siad ag béicíl agus ag liúireach os comhair a ndéithe faoi mar a dhéantar ag tórramh marbháin.
33 Ardaíonn na sagairt cuid d'éadach na ndéithe leo agus gléasann siad a mná céile agus a bpáistí leis.
34 Cibé acu comaoin nó drochchomaoin a chuirtear orthu, ní féidir dóibh í a chúiteamh. Ní mó ná sin is féidir dóibh rí a chur i réim nó a bhriseadh.
35 Ar an gcuma chéanna ní féidir dóibh maith nó maoin a thabhairt uathu ach má thugann aon duine móid ach nach gcomhlíonann sé í, ní éileoidh siad cúiteamh air.
36 Ní féidir dóibh duine a shaoradh ón mbás nó an lag a chosaint ar an láidir.
37 Níl sé ar a gcumas ach oiread radharc na súl a thabhairt don dall nó an duine atá ar an anás a shábháil.
38 Ní ghlacann siad trua don bhaintreach ná ní dhéanann siad déirc ar an dílleachta.