39 Na hearraí adhmaid seo atá plátáilte le hór agus le hairgead, is cosúil iad le clocha sléibhe agus náireofar a lucht freastail.
40 Dá bhrí sin, conas a d'fhéadfadh aon duine a cheapadh nó á rá gur déithe iad?
41 Thairis sin, fiú amháin na Caildéigh féin, tarraingíonn siad míchlú orthu; mar, nuair a fheiceann siad balbhán nach féidir dó labhairt go soiléir, tugann siad leo é agus iarrann siad ar Bhéil bua na cainte a thabhairt dó amhail is go bhféadfadh Béil iad a thuiscint.
42 Ní thig leo baois an iompair sin a aithint agus na híola a thréigean dá bharr, mar níl aon chumas tuisceana acu féin.
43 Bíonn mná, agus téada aniar thar a gcoim acu, ina suí sna sráideanna agus iad ag dó brain mar thúis; agus nuair a thugann ceann de na fir a bhíonn ag dul thart bean éigin díobh leis chun luí léi, maslaíonn sise an bhean is gaire di de bhrí nach raibh sí chomh tarraingteach léi féin agus nár briseadh a téadsan.
44 Gach uile rud a dhéantar ar son na n‑íol seo is bréagach é. Dá bhrí sin, conas a d'fhéadfadh aon duine a cheapadh nó á rá gur déithe iad.
45 Saoir adhmaid agus gaibhne buí a dhéanann iad; mar sin de, ní bhíonn aon chruth eile orthu seachas an ceann is mian leis na ceardaithe a bheith orthu.