46 Na daoine a dhéanann iad, ní ró-fhada a mhairfidh siad féin; dá bhrí sin, conas a d'fhéadfadh déantús a lámh a bheith ina ndéithe?
47 Níor fhág siad ag na glúine a thiocfaidh ina ndiaidh ach bréaga agus ábhar aithise.
48 Nuair a bhuaileann cogadh agus cruatan na déithe seo, is iad na sagairt a chaithfidh comhairle a ghlacadh le chéile faoi cén áit a rachaidh siad i bhfolach leo.
49 Mar sin de, conas a d'fhéadfaí a cheapadh gur déithe iad is a rá nach féidir dóibh iad féin a shaoradh ó chogadh nó ó chruatan?
50 Ós rud é go bhfuil siad déanta d'adhmad agus plátáilte le hór agus le hairgead, tuigfear níos déanaí gur bréagach iad;
51 beidh sé soiléir do na náisiúin agus do na ríthe uile nach déithe iad ach déantús lámh daoine agus nach bhfuil rian de chumas ceardaíochta Dé acu.
52 Dá bhrí sin an bhfuil aon duine ann nach eol dó nach déithe iad?