5 Mar sin de, seachnaígí le nach mbeadh sibhse freisin cosúil leis na hallúraigh i ngach slí agus go dtiocfadh eagla na ndéithe seo oraibh, nuair a fheicfidh sibh ollslua daoine rompu amach agus ina ndiaidh ag tabhairt ómóis dóibh.
6 Ach abraigí in bhur gcroí: Is tú amháin, a Thiarna, a chaithfimid a adhradh.
7 Óir tá m'aingeal in bhur dteannta agus is eisean a bhíonn ag tabhairt aire do bhur n‑anamacha.
8 Ceardaí éigin a dhealbhaigh a dteangacha agus tá siad maisithe le hór agus le hairgead; ach is bréagach iad agus ní féidir dóibh labhairt.
9 Faightear ór agus déantar corónacha de le cur ar chinn na ndéithe seo mar a dhéanfá do chailín a bheadh tugtha don ghalántacht.
10 Ach uaireanta, tarlaíonn sé go mbaineann na sagairt an t‑ór agus an t‑airgead dá ndéithe chun iad a chaitheamh orthu féin;
11 fiú amháin, tugann siad cuid de do na striapacha a chónaíonn sna seomraí cúil. Na déithe seo atá déanta d'airgead agus d'ór agus d'adhmad cuirtear baill éadaigh orthu faoi mar ba dhaoine iad