55 Má théann teampall na ndéithe seo atá clúdaithe le hór nó le hairgead trí thine, éalóidh a gcuid sagart as slán ach déanfar luaith de [na déithe féin] mar bhíomaí adhmaid.
56 Thairis sin, níl ar a gcumas cur in aghaidh rí ná naimhde. Dá bhrí sin, conas a d'fhéadfadh aon duine a admháil nó a cheapadh gur déithe iad?
57 Déithe adhmaid atá clúdaithe le hairgead agus le hór, ní féidir dóibh iad féin a shábháil ó ghadaithe nó ó ropairí.
58 Bainfidh lucht an fhornirt an t‑ór agus an t‑airgead díobh, agus ardóidh siad leo an éide a chaitheann siad umpu agus gan é a bheith ar chumas na ndéithe cabhrú leo féin.
59 Dá thairbhe sin, is fearr an rí a thaispeánann a chuid fearúlachta, nó an soitheach áisiúil tí a fhónann go maith don té ar leis é ná na déithe bréagacha seo; go fiú an doras tí a choinníonn a bhfuil laistigh de slan, is fearr é ná na déithe bréagacha seo; an colún adhmaid atá istigh sa phálás is fearr é chomh maith ná na déithe bréagacha seo.
60 Dar ndóigh, tugann an ghrian agus an ghealach agus na réaltaí solas uathu agus nuair a sheoltar amach iad chun fónamh do dhaoine géilleann siad.
61 Mar an gcéanna, nuair a bhladhmann an tintreach feictear mórthimpeall í; is é an dála céanna ag an ngaoth é; séideann sí i ngach uile thír.