60 Dar ndóigh, tugann an ghrian agus an ghealach agus na réaltaí solas uathu agus nuair a sheoltar amach iad chun fónamh do dhaoine géilleann siad.
61 Mar an gcéanna, nuair a bhladhmann an tintreach feictear mórthimpeall í; is é an dála céanna ag an ngaoth é; séideann sí i ngach uile thír.
62 Nuair a ordaíonn Dia do néalta taisteal os cionn an domhain go léir, déanann siad rud air.
63 An tine chomh maith a chuirtear anuas ón spéir chun sléibhte agus coillte a loscadh, comhlíonann sí a n‑ordaítear di a dhéanamh. Ach níl na híola seo inchomórtais leo siúd i gcruth ná i gcumhacht.
64 Mar sin de, níl sé ceart a cheapadh gur déithe iad ná an t‑ainm sin a thabhairt orthu; mar ní féidir dóibh breithiúnas a thabhairt ná maitheas ar bith a dhéanamh do dhaoine.
65 Ós eol daoibh, mar sin, nach déithe iad, ná bíodh eagla oraibh rompu.
66 Óir ní fhéadann siad ríthe a mhallú nó a bheannú;