70 Amhail mar nach dtugann taibhse préachán i gceapach cúcamar cosaint ar bith, sin mar a bhíonn sé ag na déithe adhmaid seo atá clúdaithe le hór agus le hairgead.
71 Mar an gcéanna, na déithe adhmaid úd atá clúdaithe le hór agus le hairgead, tá siad cosúil le sceach i ngairdín ar a suíonn na héin go léir nó le corpán a caitheadh amach sa dorchadas.
72 Is léir ó na héidí corcra agus lín a bhíonn ag lobhadh orthu nach déithe iad; creimfear iad féin ar deireadh thiar agus beidh siad ina gceap magaidh sa tír.
73 Is fearr, mar sin, an duine macánta nach bhfuil aon íola aige; ní móide go dtabharfar tarcaisne dó choíche.