1 Fad a bhí Eazrá ag guí agus ag admháil peacaí le deora agus é faon ar lár os comhair Theampall an Tiarna, chruinnigh slua mór Iosraelach ina thimpeall idir fhir agus mhná agus leanaí, agus iad ag gol go goirt.
2 Ansin labhair Seacainiá mac Ichíéil de chlann Éalám amach agus dúirt le hEazrá: “Rinneamar feall ar ár nDia agus phósamar mná deoranta de phór dúchasach na tíre; ach dá ainneoin sin, tá dóchas éigin ann d'Iosrael fós.
3 Déanaimis conradh lenár nDia, ár mná seo go léir agus an chlann a rugadh dóibh a chur i leataobh de réir do chomhairle-sé agus a gcomhairle siúd a chreathnaíonn roimh aithne ár nDé. Déanaimis de réir an dlí.
4 Éirigh! Is é do chúramsa é, ach beimidne le d'ais. Bíodh misneach agat! Ar aghaidh leat!”
5 Ansin d'éirigh Eazrá agus chuir d'iallach ar na príomhshagairt agus ar na Léivítigh agus ar na hIosraelaigh go léir mionn a thabhairt go ndéanfaidís mar a dúradh; thug siad an mionn.
6 Ansin d'imigh Eazrá leis óna ionad os comhair Theampall an Tiarna agus chuaigh isteach i seomra Iahóchánán mac Eiliáisíb mar ar [fhan sé an oíche sin] gan arán ná uisce a chaitheamh, mar bhí sé ag caoineadh feall na ndeoraithe.
7 Eisíodh fógra in Iúdá agus in Iarúsailéim do na deoraithe go léir a d'fhill, á rá leo cruinniú le chéile in Iarúsailéim,