15 Níor chuir aon duine ina choinne sin ach Iónátán mac Asáhael agus Iachzaiá mac Thicveá, le tacaíocht ó Mhisiulám agus ó Sheabataí an Léivíteach.
16 Rinne na deoraithe de réir an mholta sin. [Thogh] Eazrá an sagart mar chúntóirí, cinn na bhfiní de gach teaghlach, agus gach duine díobh luaite ó ainm. Shuigh siad le breith a thabhairt ar na cásanna faoi leith ar an gcéad lá den deichiú mí,
17 agus faoin gcéad lá den chéad mhí bhí cás na bhfear go léir a thóg mná deoranta pléite acu.
18 Seo iad ainmneacha na bhfear de shliocht na sagart a fuarthas a phos mná deoranta: Ar chlann mhac Iéisiúa mac Iózádác agus i measc a ghaolta: Másaeiá, Eilíeizir, Iáiríb agus Gadailiá.
19 Thug siad a mbriathar gill go gcuirfidís a mná ar shiúl agus d'ofráil siad reithe mar íobairt pheaca mar leorghníomh ina gciontacht.
20 Ar chlann mhac Iméir: Hanáiní agus Zabaidiá;
21 ar chlann mhac Háirim: Másaéiá, Éilíá, Seamaiá, Ichíéil agus Uizíá;