1 B'iad seo muintir an chúige a d'fhill ó dhaoirse agus ó dheoraíocht. Tar éis do Nabúcadnazar rí na Bablóine iad a dhíbirt go dtí an Bhablóin, d'fhilleadar go Iarúsailéim agus go Iúdá gach duine go dtí a bhaile féin.
2 Tháinig siad le Zarubáibil, Iéisiúa, Nihimiá, Saráiá, Raeláiá, Mordacaí, Bilseán, Miospár, Bigví, Rachúm, Báná.Liosta na bhfear de phobal Iosrael:
3 clann mhac Pharois, dhá mhíle céad seachtó a dó;
4 clann mhac Sheafaitiá, trí chéad seachtó a dó;
5 clann mhac Árach, seacht gcéad seachtó a cúig;
6 clann mhac Phachat Móáb, clann mhac Iéisiúa agus Ióáb, dhá mhíle ocht gcéad agus a dó dhéag;