56 clann mhac Iálá, clann mhac Dharcón, clann mhac Ghidéil,
57 clann mhac Sheafatiá, clann mhac Haitíl, clann mhac Phoiceirit-haz-Zabáím, clann mhac Ámaí.
58 Líon iomlán na dtíolacthach, agus chlann mhac dhaoir Sholaimh: trí chéad naocha a dó.
59 Tháinig an mhuintir seo leanas ó Théil Mealach, Téil Harsá, Carúb, Adán, Iméir - ach níorbh fhéidir dóibh a chruthú gur de bhunús Iosraelach a bhfiní ná a sinsir:
60 clann mhac Dhaláiá, clann mhac Thóibíá, clann mhac Nacódá - sé chéad caoga a dó.
61 Ar chlann na sagart: clann mhac Habaiá, clann mhac Hacóz, clann mhac Bhairzilí - fear a phós ceann d'iníonacha Bhairzilí an Gileádach agus a ghlac a ainm.
62 Rinne an mhuintir sin cuardach i gcláir a gcraobh sinseartha ach ní bhfuair siad lua orthu féin iontu i dtreo gur coimeádadh amach as an tsagartacht iad amhail is dá mba neamhghlan dóibh.