63 Dúirt an gobharnóir leo gan na bianna coisricthe a chaitheamh nó go bhfaighfí sagart a rachadh i gcomhairle leis na hÚirím agus na Tuimím.
64 Ba é líon an chomhthionóil go léir ná daichead dó míle trí chéad agus a seasca,
65 seachas a ndaoir agus a ndaoirseacha, seacht míle trí chéad tríocha a seacht díobhsan ar fad; bhí dhá chéad cantairí idir fhir agus mhná ina dteannta freisin.
66 Bhí seacht gcéad tríocha a sé chapall acu, agus dhá chéad daichead a cúig mhiúil;
67 bhí ceithre chéad tríocha cúig camaill acu, sé mhíle seacht gcéad agus a fiche asal.
68 Nuair a shroich siad Teampall an Tiarna in Iarúsailéim, rinne cinn finí áirithe ofrálacha deonacha do Theampall an Tiarna, lena atógáil ar a sheanláthair.
69 Rinne siad ofráil de réir a n‑acmhainne, seasca a haon míle drachma óir, cúig mhíle míoná airgid agus céad éide sagairt, ar mhaithe leis an gciste naofa.