1 Nuair a chuala naimhde Iúdá agus Bhiniáimin go raibh Teampall á thógáil, ag na deoraithe a d'fhill, don Tiarna, Dia Iosrael,
2 tháinig siad go Zarubáibil [agus go Iéisiúa] agus go cinn na bhfiní, agus dúirt siad: “Ba mhaith linn tógáil in bhur dteannta, mar adhraimid bhur nDia bhur ndála féin, agus tá íobairt á déanamh againn chuige ó aimsir Éasar Hadón rí na hAsaíre a thug anseo sinn.”
3 D'fhreagair Zarubáibil, Iéisiúa, agus na cinn finí eile Iosraelacha iad: “Ní cóir go rachadh sibhse i bpáirt linn ag tógáil Teampaill dár nDia; dúinne amháin is dual dul i mbun tógála don Tiarna, Dia Iosrael, faoi mar a d'ordaigh Cíoras rí na Peirse dúinn.”
4 Ansin chrom muintir na tuaithe ar mhuintir Iúdá a chur óna thuilleadh tógála a dhéanamh trí dhrochmhisneach agus eagla a chur orthu.
5 Mhealladar comhairleoirí le cur ina gcoinne agus lena gcur dá dtreoir. Mar sin a bhí an scéal le linn réimeas Chíorais rí na Peirse, agus anuas go dtí réimeas Dháire rí na Peirse.