Eazrá 4:11-17 ABN

11 Seo cóip den litir a sheoladar:D'Artaxarxaes rí, beatha agus sláinte ó do shearbhóntaí ón gcúige thar Eofrataes: Sa mhéid

12 gur chóir faisnéis a thabhairt don rí go bhfuil na Giúdaigh a tháinig aníos ó do thírse go Iarúsailéim ag tógáil na cathrach ceannairce agus urchóide úd, agus ar a ndícheall ag cóiriú na mballaí agus go bhfuil na clocha boinn deisithe cheana féin;

13 agus sa mhéid gur chóir faisnéis a thabhairt don rí dá dtógfaí an chathair úd arís agus go ndeiseofaí a ballaí, go ndiúltódh siad cáin a íoc, nó custaim, nó taillí iompair, agus go ndítheoidís údarás an rí;

14 agus sa mhéid nach dóigh linn gur chóir dúinn a bheith ag faire ar an rí á mhaslú, de bhrí go n‑ithimid salann an rí; uime sin cuirimid an fhaisnéis seo chun an rí

15 i dtreo go ndéanfar cuardach i gcartlann do shinsear, agus go bhfaighfear amach inti gur cathair cheannairce an chathair seo, cúis tranglaim do ríthe agus do chúigí, agus cúib ghoir chianaosta easumhlaíochta; dá bharrsan is ea a scriosadh an chathair seo.

16 Tá sé á chur in iúl againn don rí, má atógtar an chathair seo arís, agus go ndeiseofar a ballaí, gur gearr eile a bheidh greim agat ar aon chríocha sa chúige thar Eofrataes.

17 Sé freagra a thug an rí orthu na seo:Do Rachúm an rialtóir, do Shimseai an rúnaí, agus dá gcomhghleacaithe eile atá ag cur fúthu sa tSamáir agus sa chuid eile den chúige thar Eofrataes, beatha agus slainte! Sa mhéid