19 agus go ndearnadh iniúchadh, de réir mar a d'ordaigh mé, go bhfuarthas amach go n‑éiríodh an chathair seo amach in aghaidh ríthe, agus go síoltaí ceannairc agus comhcheilg inti,
20 agus go mbíodh ríthe cumhachtacha i réim in Iarúsailéim agus ceannas acu ar an gcúige thar Eofrataes go léir, agus go ndéanaidís cánacha agus custaim agus táillí a thobhach,
21 ní foláir daoibh cosc a fhógairt ar shaothar na bhfear seo gan mhoill; níl an chathair sin le hatógáil go dtí go ndéanfaidh mise fógra fúithi.
22 Ná déanaigí faillí sa ghnó seo d'fhonn nach ndéanfaí a thuilleadh díobhála do chúis an rí.
23 A luaithe a léadh an chóip de litir Artaxarxaes i láthair Rachúm an rialtóir agus Shimseai an runaí agus a gcomhghleacaithe, bhrostaigh siad leo go dtí na Giúdaigh in Iarúsailéim, agus chuireadar d'iallach orthu le teann foréigin scor dá gcuid oibre.
24 Cuireadh stop leis an obair ar Theampall Dé in Iarúsailéim ar an gcuma sin. Bhí sí ina stad mar sin go dtí an dara bliain de réimeas Dháire rí na Peirse.